Reáchtálann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, agus gach údarás áitiúil in Éirinn, toghcháin áitiúla gach cúig bliana i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh. Tugann na toghcháin deis do dhaoine comhairleoirí a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh sa rialtas áitiúil.
Cad is Comhairleoir ann?
Is ball d’údarás áitiúil é comhairleoir. Toghtar comhairleoirí go díreach i dtoghcháin áitiúla agus bíonn siad in oifig ar feadh 5 bliana. Tá 40 comhairleoir ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a dhéanann ionadaíocht ar an toghcheantar dá dtoghtar iad. Le chéile, is iad a dhéanann an Chomhairle thofa.
Tá 4 Cheantar Bardasach ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Ceantar Cathrach Luimnigh (briste ina 3 Thoghcheantar)
- Cathair Luimnigh Thoir (7 suíochán)
- Cathair Luimnigh Thuaidh (7 suíochán)
- Cathair Luimnigh Thiar (7 suíochán)
- Ceantar Bardasach Áth Dara/Ráth Caola (6 suíochán)
- Ceantar Bardasach na Ceapaí Móire-Chill Mocheallóg (7 suíochán)
- Ceantar Bardasach an Chaisleáin Nua (6 suíochán)
Ról an Chomhairleora
Déanann comhairleoir ionadaíocht don toghcheantar agus don cheantar bardasach dá dtoghtar é, agus don údarás áitiúil ina iomláine. Tá ról lárnach ag comhairleoirí i gcinnteoireacht na bpobal a ndéanann siad ionadaíocht dóibh, agus i bhforbairt agus in athbhreithniú bheartas na comhairle.
Cuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh na céadta seirbhísí, ó bhóithre, pleanáil, tithíocht, forbairt eacnamaíoch agus pobail, comhshaol, leabharlanna agus seirbhísí dóiteáin ar fáil.
Nuair a bhíonn tú i do chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, tugann sé an deis duit ionadaíocht a dhéanamh ar do thoghcheantar agus guth a bheith agat sa Chomhairle do na pobail a ndéanann tú ionadaíocht dóibh.
Conas a bheith i d’Iarrthóir i dToghcháin Áitiúla 2024
Más mian leat seasamh i dtoghchán i 2024 i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, is féidir leat tú féin a ainmniú nó d’fhéadfaí duine atá cláraithe le vótáil i limistéar an údaráis áitiúil tú a ainmniú. Féadfar thú a ainmniú chun seasamh i níos mó ná toghcheantar amháin laistigh den údarás áitiúil céanna.
Cé atá Cáilithe lena dToghadh ar Údarás Áitiúil?
Tá gach saoránach Éireannach agus gach duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát, atá 18 mbliana d’aois bainte amach acu, i dteideal seasamh don toghchán.
Tá roinnt dícháilithe ann ó bheith ina chomhalta d’údarás áitiúil; comhaltaí den Gharda Síochána nó comhaltaí lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann; breitheamh. Tá liosta iomlán na ndícháilíochtaí leagtha amach san Acht Rialtais Áitiúil 2001, arna leasú – ailt 13 agus 13A.
An bhfaigheann Comhairleoirí Tuarastal?
Faigheann comhairleoirí tuarastal bliantúil ar a dtugtar Íocaíocht Ionadaíochta chomh maith le liúntas míosúil as freastal ar chruinnithe mar chuid dá ról. Is íocaíocht de chineál tuarastail í an íocaíocht ionadaíochta a fhaigheann comhairleoirí nuair a thoghtar iad.
Tuilleadh Eolais
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi ról an chomhairleora, conas a bheith i d’iarrthóir i dtoghcháin áitiúla 2024 nó faisnéis faoi Chácas Ban Luimnigh, déan teagmháil le Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, glaoigh ar 061 556000.